Leabhar Nua

Ar fhiafraigh tú díot féin, am ar bith, cén fáth a bhfuil an oiread sin streachailtí i saolta daoine áirithe? Ar fhiafraigh tú díot féin, am ar bith, cén fáth a bhfuil streachailtí i do shaol féin, nó cén fáth a mbíonn sé doiligh déileáil le cásanna áirithe? An mbíonn amanna ann nuair a théann mothacháin dhiana ar nós fearg nó brón i bhfeidhm ort agus gan aon tuiscint agat ar an rud a ba chúis leo? Tá an iarracht na deachrachtaí seo a thuiscint i gcroílár an leabhair seo.

Iarann an leabhar orainn, daoine a thuiscint i gcomhthéacs sóisialta seachas comhthéacs pearsanta. Is é an teachtaireacht i gcroílár an leabhair ná go mbíonn streachailt ag daoine mar gheall ar na bundeachrachtaí ina saolta seachas go bhfuil rud cearr leo féin. Déantar damáiste ar dhaoine mar gheall ar taithí saolta i dteaghlaigh, i bpobail, agus i sochaí agus na deachrachtaí a leanann.

Tá an leabhar seo dírithe ar lucht léitheoireachta ginearálta agus is lámhleabhar praiticiúil é do sholathraithe seirbhísí i réimsí sláinte, oideachais, teiripe, obair sóisialta, síceolaíochta, obair óige agus phobail, agus do grúpaí imeallaithe.

Mar lámhleabhar, tá sé bunaithe ar thaithí an údair le linn blianta fada ag obair le grúpaí éagsúla chun na gortaithe a bhfuair siad trí chleachtais leithchealaithe a leigheas.